Fáilte / Welcome
Welcome to the website of Gaelscoil Uí Dhochartaigh and Naíscoil an tSratha Báin.
Fáilte chuig suíomh idirlín Ghaelscoil Uí Dhochartaigh agus Naíscoil an tSratha Báin.
I would also like to take this opportunity to welcome you to Strabane's Irish language community - a community which is going from strength to strength.
Our school mission statement is Growing, Developing and Learning Together. We are a school that grows, learns and develops together. We recognise that this can only be successful when we all work together. Therefore, relationships amongst staff, with our pupils, with their parents, with the Irish language community and with the wider community are key to our mission and our school in general.
Our school has a key central role to play in the Irish language community in Strabane. We recognise that the children in our classrooms are the future of the Irish language and we must nurture their love and respect of the language so that Irish will continue to grow and flourish. Our school has always been supported by the Irish language community and by the people of Strabane and we will always be indebted to them.
Our aim is to provide the highest standard of education through the medium of Irish. Our staff work very hard to provide this and are deeply committed to it. Our learning environment is one where children feel safe, accepted and good about themselves. We provide our pupils with the skills that are necessary for their future learning and for life in an ever changing Ireland.
On behalf of our staff I would like to wish you and your child every happiness and success in the years ahead and by working together we can achieve this.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun fáilte a chur romhat chuig Pobal Ghaeilge an tSratha Báin – pobal atá ag dul ó neart go neart.
Is é ár ráiteas misin scoile ná Ag Fás, ag Forbairt agus ag Foghlaim le Chéile. Is scoil muid a fhásann, a fhoghlaimíonn agus a fhorbraíonn le chéile. Aithnímid nach féidir leis seo tarlú ach amháin nuair a bhíonn muid go léir ag obair le chéile. Mar sin, tá an caidreamh i measc na foirne, lenár ndaltaí, lena dtuismitheoirí, le pobal na Gaeilge agus leis an phobal i gcoitinne ríthábhachtach dár misean agus dár scoil ar fad.
Tá ról lárnach ag ár scoil i bpobal na Gaeilge ar an tSrath Bán. Aithnímid gurb iad na páistí inár seomraí ranga todhchaí na Gaeilge agus caithfidh muid a ngrá agus a meas ar an teanga a chothú le go leanfaidh an Ghaeilge ag fás agus ag bláthú. Fuair agus faigheann ár scoil i gcónaí tacaíocht ó phobal na Gaeilge agus ó mhuintir an tSratha Báin agus beidh muid i gcónaí faoi chomaoin acu.
Tá sé mar aidhm againn an caighdeán is airde oideachais a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Oibríonn ár bhfoireann go dian chun é seo a dhéanamh agus tá siad an-tiomanta dó. Mothaíonn na páistí sábháilte, go maith fúthu féin agus go bhfuil áit ann daofa inár scoil. Cuirimid na scileanna ar fáil dár bpáistí atá riachtanach dá gcuid foghlama amach anseo agus don saol in Éirinn atá de shíor ag athrú.
Thar ceann na foirne ba mhaith liom gach rath agus sonas a ghuí ort féin agus ar do pháiste sna blianta amach romhainn agus trí oibriú le chéile is féidir linn é seo a bhaint amach.
Imeachtaí atá ag Teacht Aníos / Upcoming Events...
Dé hAoine, 6ú Meitheamh 2025 |
---|
R5 Turas chuig Gaelcholáiste Dhoire / R5 trip to Gaelcholáiste dhoire in Dungiven |
Dé Sathairn, 7ú Meitheamh 2025 |
An Chéad Chomaoineach / First Holy Communion (11am mass & Refreshments in school after service.) |
Dé Luain, 9ú Meitheamh 2025 |
Saoire / Holiday (School is closed to all pupils.) |
Dé Céadaoin, 11ú Meitheamh 2025 |
R3 Turas scoile chuig Magilligan/ R3 school trip to Magilligan |
Déardaoin, 12ú Meitheamh 2025 |
Aonach Cairde na Gaelscoile / Cairde na Gaelscoile's School Fair (£5 per person or £20 per family of 5 ) |
Dé hAoine, 13ú Meitheamh 2025 |
R4 Turas chuig an Titanic i mBéal Feirste/ R4 trip to the Titanic in Belfast |
R5/6 Turas scoile / R5/6 School Trip |
Grianghraif is Déanaí / Latest Photographs









